An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Cé go bhfuil an chuma ar an spás go bhfuil sé i bhfad ar shiúl uainn, tá na teicneolaíochtaí, na sonraí agus na seirbhísí a bhaineann leis comhtháite go domhain inár saol laethúil. Idir do bhealach a dhéanamh thart le d’fhón cliste nó do charr, féachaint ar theilifís satailíte, agus cuidiú le feirmeoirí barra a bharrfheabhsú, monatóireacht a dhéanamh ar an athrú aeráide, agus ár dteorainneacha a dhaingniú, tá ról ríthábhachtach ag an spás sa tsochaí nua-aimseartha. Is é is aidhm do bheartas spáis an Aontais borradh a chur faoi nuálaíocht theicneolaíoch na hEorpa, poist a chruthú agus iomaíochas eacnamaíoch a mhéadú, agus an leas is fearr is féidir a bhaint as na buntáistí do shaoránaigh agus do shochaithe na hEorpa.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí spáis an Aontais:
- éifeachtúlacht a mhéadú sa talmhaíocht agus san iascach ar mhaithe le slándáil bia níos fearr agus an comhshaol a chosaint ag an am céanna
- feabhas a chur ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna trí agaí freagartha i gcásanna éigeandála a ghiorrú trí úsáid a bhaint as íomhánna damáiste neas-fhíorama agus cumarsáid satailíte shlán nuair a dhéantar damáiste do líonraí talún nó nuair nach féidir iad a úsáid
- an comhshaol a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac trí mhonatóireacht satailíte a dhéanamh ar thruailleáin atmaisféaracha, ar gháis ceaptha teasa, ar an gciseal ózóin, agus ar a n-éifeachtaí ar cháilíocht uisce agus ar acmhainní nádúrtha
- an tslándáil a mhéadú trí inimirce neamhdhleathach a bhrath, píoráideacht ar muir a chomhrac, coireacht trasteorann a chosc agus tacú le forfheidhmiú an dlí trí shonraí spásbhunaithe agus cumais chumarsáide spásbhunaithe
- an t-iompar a bharrfheabhsú i gcathracha, i gcalafoirt, in aerfoirt agus i moil lóistíochta eile trí fheabhas a chur ar bhainistiú flít agus inrianaitheacht soithí, agus trí imbhualadh a chosc
- borradh a chur faoin ngeilleagar trí phoist ardcháilíochta a chruthú, iomaíochas a fheabhsú, nuálaíocht a chothú, agus cáilíocht saoil a fheabhsú do mhuintir na hEorpa

Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Córas um loingseoireacht satailíte dhomhanda (GNSS) le haghaidh seirbhísí suite, loingseoireachta agus uainiúcháin
Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí chun gur féidir comharthaí GNSS a úsáid le haghaidh feidhmeanna sábháilteachta anama san eitlíocht
Faire Eorpach na Cruinne (EO) agus monatóireacht bunaithe ar shonraí satailíte agus sonraí nach mbaineann leis an spás
Monatóireacht a dhéanamh ar shócmhainní spáis agus iad a chosaint
Córas cumarsáide satailíte slán
Cumarsáid satailíte d’údaráis phoiblí
Tacú le fiontraithe, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha i dtionscal an spáis
Cláir éagsúla a thacaíonn le taighde agus nuálaíocht sa spás
Na príomhéachtaí
- In 2024 ghin tionscal spáis na hEorpa €8.8 billiún as díolacháin bhliantúla. Tá an fhostaíocht san earnáil tar éis an leibhéal is airde riamh a bhaint amach, is é sin beagnach 66,000 post, arb iad na gnólachtaí nuathionscanta spáis a spreag go láidir é. Le 20 bliain anuas, tá an Eoraip tar éis a lucht saothair in earnáil an spáis a dhúbailt.
- Le Tionscnamh Fiontraíochta Spáis Cassini, cuireadh dlús leis na scórtha gnólachtaí nuathionscanta spáis agus FBManna Eorpacha agus tugadh tacaíocht dóibh. Lena chiste fáis €1 bhilliún, cuireadh caipiteal ar fáil a raibh géarghá leis do chuideachtaí nuálacha, chomh maith le deiseanna oiliúna scileanna, líonraithe agus comhpháirtíochta.
- Táirgeann Copernicus roinnt teiribheart de shonraí Fhaire na Cruinne (EO) gach lá, rud a fhágann gurb é an soláthraí sonraí EO is mó ar domhan é. Cinntíonn beartas sonraí oscailte Copernicus gur féidir an t-eolas luachmhar sin a rochtain, a úsáid agus a chomhroinnt saor in aisce.
- Freastalaíonn Copernicus ar na céadta míle úsáideoir ar fud an domhain. Mar shampla, tá níos mó ná 250,000 úsáideoir cláraithe sa Stóras Sonraí Aeráide – agus níl ann ach píosa beag d’éiceachóras ollmhór Copernicus.
- Cuireann EGNOS comharthaí feabhsaithe, níos sláine agus níos athléimní ar fáil, rud atá oiriúnach d’fheidhmeanna criticiúla amhail an eitlíocht shibhialta. Úsáideann níos mó ná 500 aerfort ar fud na hEorpa EGNOS chun tuirlingt aerárthaí a threorú go sábháilte.
- Sábhálann Galileo beatha daoine! Déantar é a ghníomhachtú go huathoibríoch i bhformhór na dtíortha den Aontas agus glao á chur ar 112 ó ghuthán póca. A bhuí leis an Treoir maidir le eCall, cuidíonn Galileo chun íospartaigh timpistí carranna a aimsiú. Is féidir lena shatailítí comharthaí a bhailiú ó rabhcháin éigeandála agus an foláireamh agus an suíomh beacht a chur ar ais chuig ionaid tarrthála. In 2023 chuidigh Galileo le thart ar 1,400 duine ar fud an Aontais i gcásanna éigeandála.
- Cumhachtaíonn Galileo loingseoireacht le haghaidh breis agus 2.5 billiún guthán cliste, agus cuidíonn sé le húsáideoirí a mbealach a aimsiú, bia a ordú, nó bealach siúlóireachta a phleanáil trí na sléibhte. Tá clúdach domhanda aige ar an talamh, ar an bhfarraige agus san aer.
- Chun an tslándáil a neartú, sheol an Coimisiún Eorpach agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis Lárionad an Aontais Eorpaigh um Chomhroinnt agus Anailísiú Faisnéise Spáis. Leis an tionscnamh, tagann cuideachtaí spáis an Aontais agus na hIorua le chéile chun an athléimneacht a fheabhsú agus cur i gcoinne bagairtí atá ag teacht chun cinn.
- Cuidíonn córas faireachais agus rianaithe spáis an Aontais (EU SST) chun níos mó ná 550 satailít ar fud an domhain a chosaint ar imbhuailtí le smionagar spáis nó le satailítí eile. Cuireann Comhpháirtíocht EU SST agus Deasc Thosaigh SST ag EUSPA na seirbhísí sin ar fáil saor in aisce 24/7 d’eintitis an Aontais agus d’eintitis nach den Aontas iad.
Sa spotsolas
Tá bearta nua uaillmhianacha molta ag an gCoimisiún Eorpach chun earnáil spáis na hEorpa a dhéanamh níos glaine, níos sábháilte agus níos iomaíche. Tá rialacha spáis na hEorpa ilroinnte faoi láthair, rud a chuireann bac ar an nuálaíocht, a laghdaíonn sciar an mhargaidh Eorpaigh agus a chruthaíonn costais bhreise. Le creat comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, chinnteofaí sábháilteacht, athléimneacht agus freagracht comhshaoil, agus ag an am céanna chuideofaí le cuideachtaí fás agus méadú thar theorainneacha.
Imeachtaí
The European Innovation Council aims to identify and support breakthrough technologies and game changing innovations to create new markets and scale up internationally.
Europe’s tourism industry is bursting with potential. In the last four years alone, the continent has welcomed over 2 billion global tourists, providing a primary source of income for European economies. From medieval streets of Prague and the beaches of Barcelona to the modern skyline of Oslo...
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 18 Bealtaine 2026