Ullmhú chun freagairt ar ghéarchéimeanna
Tá bagairtí gan fasach os comhair an Aontais Eorpaigh, ó theannas agus coinbhleachtaí geopholaitiúla, rioscaí cibearshlándála agus ionramhála faisnéise, go dtí an t-athrú aeráide agus rioscaí méadaitheacha guaiseacha nádúrtha. Chun borradh a chur faoi chumas an Aontais na bagairtí sin a thuar, a chosc agus freagairt orthu, chuir an Coimisiún an straitéis um aontas na hullmhachta i láthair.
Is é is aidhm don straitéis feabhas a chur ar ullmhacht shibhialta agus mhíleata an Aontais agus ar a ullmhacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, ionas go mbeidh na gníomhaithe uile réidh agus in ann freagairt go gasta agus go héifeachtach más gá. Cuideoidh an straitéis le hiarrachtaí ullmhachta náisiúnta trí chomhordú agus éifeachtúlacht a fheabhsú laistigh de na straitéisí atá ann cheana agus trí chultúr athléimneachta a chothú trí rannpháirtíocht gach leibhéil den tsochaí.

Is ar an méid seo a leanas atá an straitéis bunaithe:
- cur chuige comhtháite uile-ghuaise: lena ndírítear ar ullmhú do gach cineál guaise agus ar fhreagairt orthu, seachas aghaidh a thabhairt orthu astu féin
- cur chuige uile-shochaí ba cheart rannpháirt a bheith ag gach earnáil, gach eagraíocht agus gach duine
- cur chuige uile-rialtais: gníomhaireachtaí agus ranna rialtais comhordú agus comhoibriú a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha ar bhealach níos éifeachtaí
San áireamh sa straitéis tá gníomhaíochtaí mionsonraithe chun cuspóirí aontas na hullmhachta a chur chun cinn.
Príomhghníomhaíochtaí na straitéise um aontas na hullmhachta
Fadbhreathnaitheacht agus réamhaíocht
- measúnú cuimsitheach de chuid an Aontais a fhorbairt ar rioscaí agus ar bhagairtí
- deais ghéarchéime a bhunú do lucht déanta cinntí
- an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha a neartú
- catalóg AE a fhorbairt um oiliúint agus ardán um cheachtanna foghlamtha a fhorbairt
- Seirbhís Rialtais um Fhaire na Cruinne (SRFC) de chuid an Aontais a bhunú
Athléimneacht feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha
- pleanáil ullmhachta agus freagartha maidir le géarchéimeanna sláinte
- ullmhacht trí dhearadh a leabú i mbeartais agus gníomhaíochtaí an Aontais
- íoscheanglais ullmhachta a ghlacadh
- athbhreithniú a dhéanamh ar Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta
- straitéis stoc-charntha an Aontais a mholadh
- plean um oiriúnú don athrú aeráide a mholadh
- soláthar uisce agus acmhainní nádúrtha criticiúla eile a chinntiú
Ullmhacht an daonra
- córais luathrabhaidh a fheabhsú
- feasacht a mhéadú maidir le rioscaí agus bagairtí
- cláir múscailte feasachta a chur chun cinn, amhail painéil saoránach, feachtais ar líne, agus sraitheanna uirlisí le haghaidh cumarsáid straitéiseach agus chun cur i gcoinne na hionramhála faisnéise
- treoirlínte a fhorbairt chun neamhthuilleamaíocht uilephobail 72 uair an chloig ar a laghad a bhaint amach
- ullmhacht a bheith san áireamh i gcuraclaim oideachais scoileanna agus oiliúint a chur ar bhaill foirne oideachais
- ullmhacht a chur chun cinn i gcláir óige
- tallann a mhealladh chun ullmhacht an Aontais a threisiú
Comhar poiblí príobháideach
- tascfhórsa poiblí-príobháideach um ullmhacht a bhunú
- prótacail éigeandála phoiblí-phríobháideacha a fhorbairt
- athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat soláthair phoiblí
- lárionad Eorpach saineolais maidir le slándáil taighde a bhunú
Comhar sibhialta míleata
- socruithe cuimsitheacha a bhunú maidir le hullmhacht shibhialta-mhíleata
- caighdeáin a fhorbairt le haghaidh pleanáil agus infheistíocht dé-úsáide shibhialta mhíleata
- cleachtaí tráthrialta an Aontais a eagrú chun ullmhacht chuimsitheach a chur chun cinn
Comhordú freagartha ar ghéarchéimeanna
- mol comhordúcháin géarchéime de chuid an Aontais a chur ar bun
- borradh a chur faoi rescEU – cúltaca acmhainneachtaí freagartha ar leibhéal an Aontais
Athléimneacht trí chomhpháirtíochtaí seachtracha
- athléimneacht fhrithpháirteach le tíortha is iarrthóirí a chur chun cinn
- ullmhacht agus athléimneacht a chomhtháthú i gcomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus in institiúidí iltaobhacha
- ullmhacht agus athléimneacht a chomhtháthú sa chomhar le ECAT
- athléimneacht fhrithpháirteach a fhorbairt trí bheartais sheachtracha eacnamaíocha agus forbartha
Cúlra
Ina treoirlínte polaitiúla, leag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, béim ar a thábhachtaí atá sé cumais na hEorpa a fhorbairt chomh maith leis an ngá atá le huaillmhian nua maidir le hullmhacht i leith géarchéimeanna agus slándála.
I dtuarascáil Niinistö maidir le hullmhacht agus réidhe an Aontais, leagadh béim ar a phráinní atá sé ullmhacht shibhialta agus mhíleata na hEorpa a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála. Aithníodh inti gur freagracht náisiúnta agus freagracht chomhroinnte Eorpach í an ullmhacht araon lena gceanglaítear ar an Aontas ról níos láidre a bheith aige chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 23 Bealtaine 2025